D’imigh sí go Glaschú agus fuair sí obair ar na busanna mar bhanstiúrthóir agus chaith sí cúpla bliain ag an obair sin. Thosaigh sí ag saothrú £9 sa tseachtain agus bhí sí breá sásta le sin mar gur pá maith a bhí ann san am. Go leor scéalta aici faoin am a chaith sí ansin, rinne sí cúpla seachtain ar obair oíche agus chastaí go leor nach ndíoladh a mbealach. Chaill sí bosca ticéid am amháin ach fuarthas arís é, rud a shábháil cúpla mí pá di. | 00:11:22 | |